Eoin 16:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh,líon bhur gcroí de bhrón.

7. Insím an fhírinne daoibh, áfach:is é bhur leas mise a imeacht,mar mura n‑imeoidh mé,ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh;ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.

8. Agus nuair a thiocfaidh sé,áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aigei dtaobh an pheaca,agus i dtaobh an chirt,agus i dtaobh an bhreithiúnais.

9. I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam;

10. i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair;

11. i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreithtugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.

12. Tá mórán eile le rá agam libh,ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;

13. ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne,déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne.Óir ní as féin a labhróidh;labhróidh sé na nithe a chuala sé,agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.

14. Tabharfaidh sé glóir domsa,óir is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.

15. An uile ní dá bhfuil ag m'Athair, is liomsa é.Uime sin a dúirt mé:‘Is de mo chuidse a ghlacfaidhagus a inseoidh sé daoibh.’

16. “Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó,agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm,mar táim ag triall ar an Athair.”

Eoin 16