Eoin 16:24-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m'ainm.Iarraigí agus gheobhaidh sibh,chun go mbeadh bhur n‑áthas iomlán.

25. Labhair mé an méid sin libh i solaoidí.Tá an t‑am ag teacht,nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí,ach inseoidh mé daoibh go soiléirmar gheall ar an Athair.

26. Iarrfaidh sibh i m'ainm an lá sin,agus nílim á rá libhgo ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.

27. Óir tá cion ag an Athair féin oraibh,de bhrí go raibh cion agaibh orm,agus gur chreid sibhgur ó Dhia a ghabh mé amach.

28. Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol.Táim ag fágáil an tsaoil arís,agus táim ag triall ar an Athair.”

29. Dúirt a dheisceabail leis: “Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.

30. Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”

31. D'fhreagair Íosa iad:“An gcreideann sibh anois?

32. Féach, tá an uair ag teacht,agus tá sí ann cheana féin,nuair a scaipfear sibh,gach duine chun a bhaile féin,agus fágfaidh sibh mise i m'aonar.Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

Eoin 16