Eoin 14:21-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad,sin é an té a bhfuil grá aige dom.An té a bhfuil grá aige dom,beidh grá ag m'Athair dó,agus beidh grá agam dó,agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”

22. Dúirt Iúdás - níorbh é fear Isceiriót é: “A Thiarna, cad é seo? Nach bhfuil tú chun tú féin a thaispeáint don saol, ach dúinne?”

23. D'fhreagair Íosa:“Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis,“coinneoidh sé mo bhriathar,agus beidh grá ag m'Athair dó,agus tiocfaimid chuige,agus déanfaimid cónaí mar aon leis.

24. An té nach mbíonn grá aige dom,ní choinníonn sé mo bhriathra.Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é,ach leis an Athair a chuir uaidh mé.

Eoin 14