Eoin 11:14-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh;

15. agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.”

16. Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: “Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.”

17. Ar theacht d'Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama.

18. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim.

19. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.

20. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D'fhan Máire ina suí sa teach.

Eoin 11