Eizicéil 48:29-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi - an Tiarna Dia a labhraíonn.

30. “Seo iad na bealaí amach ón gcathair. Ar an taobh thuaidh, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad de réir miosúir,

31. beidh trí gheata: geata Reúbaen, geata Iúdá, geata Léiví; ainmneofar na geataí de réir treibheanna Iosrael.

32. Ar an taobh thoir, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad, beidh trí gheata: geata Iósaef, geata Bhiniáimin, geata Dhán.

Eizicéil 48