26. Ar aon teorainn le hÍosácár, anoir siar, roinn amháin do Zabúlun.
27. Ar aon teorainn le Zabúlun, anoir siar, roinn amháin do Ghád.
28. Ar aon teorainn le Gád ó dheas, sínfidh an teorainn ó Thámár go huiscí Mhiríbeá Cáidéis fad le Sileán na hÉigipte agus an Fharraige Mhór.
29. Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi - an Tiarna Dia a labhraíonn.
30. “Seo iad na bealaí amach ón gcathair. Ar an taobh thuaidh, a bheidh ceithre mhíle agus cúig chéad banlámh ar fad de réir miosúir,
31. beidh trí gheata: geata Reúbaen, geata Iúdá, geata Léiví; ainmneofar na geataí de réir treibheanna Iosrael.