Eizicéil 43:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thug sé ansin mé go dtí an geata, an ceann a fhéachann soir.

2. Féach, tháinig glóir Dhia Iosrael anoir. Tháinig fuaim leis amhail fuaim mhórán uiscí; agus shoilsigh an domhan lena ghlóir.

3. Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.

Eizicéil 43