5. Na seomraí in uachtar bhí siad níba chúinge de bharr na n‑áiléar a thóg níos mó spáis uathu ná mar thóg ó na seomraí i lár agus in íochtar an fhoirgnimh.
6. Bhí siad seo roinnte i dtrí urlár agus ní raibh colúin acu mar bhí sa chúirt [sheachtrach]. Uime sin bhí siad níba chúinge siar ná na seomraí in íochtar nó sa lár.
7. Bhí balla amuigh in aon treo leis na seomraí, os a gcoinne agus ar aghaidh na cúirte seachtraí; bhí sé caoga banlámh ar fad.
8. Bhí na seomraí ar aghaidh na cúirte seachtraí caoga banlámh ar fad, agus na cinn ar aghaidh an Teampaill, bhí siad céad banlámh.
9. Faoi na seomraí seo bhí bealach isteach anoir ón gcúirt sheachtrach.
10. I dtiús bhalla na cúirte [theas] ar aghaidh na cúirte agus an fhoirgnimh, bhí seomraí.
11. Bhí cosán rompu amach mar a bhí ó na seomraí thuaidh; bhí siad ar aon fhad agus ar aon leithead, agus an déanamh céanna orthu, doirse amach is isteach.