Eizicéil 33:7-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. “A mhic an duine, tá tusa ceaptha agam mar gharda do mhuintir Iosrael; aon uair a chluineann tú focal uaimse cuir ar a bhfaichill iad thar mo cheannsa.

8. Má deirim le drochdhuine: A dhrochdhuine, éagfaidh tú gan teip; agus nach dtugtann tusa rabhadh dó iompú ó bhealach a aimhleasa, gheobhaidh an drochdhuine sin bás de bharr a pheaca ach cuirfidh mé an fhreagracht ortsa.

9. Ach má thugann tú rabhadh don drochdhuine iompú óna aimhleas agus nach n‑iompaíonn sé, gheobhaidh sé bás de bharr a pheaca ach tabharfaidh tusa do bheatha slán.

10. “A mhic an duine, abair le muintir Iosrael: Seo mar a labhraíonn tú de shíor: ‘Tá ár bpeacaí agus ár gcionta mar ualach trom orainn agus táimid ag meath mar gheall orthu. Cad é mar a fhéadaimid maireachtáil?’

11. Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’

12. “A mhic an duine, abair tusa le do phobal: Ní shaorfaidh a fhíréantacht an fíréan nuair a pheacaíonn sé; ní dhaorfaidh a pheacaí an peacach nuair a iompaíonn sé uathu; ní thig leis an bhfíréan maireachtáil le taca a fhíréantachta chomh luath agus a pheacaíonn sé.

Eizicéil 33