Eizicéil 24:15-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Tháinig briathar an Tiarna chugam fosta:

16. “A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor.

17. Lig ochón asat os íseal, ná déan cumha ar son na marbh. Ceangail turban do chinn ort agus do chuaráin ar do chosa; ná clúdaigh do bhéal, ná hith arán na ndobrónach.”

Eizicéil 24