1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:
2. “A mhic an duine, bhí beirt bhan ann, iníonacha aon mháthar amháin.
3. Chuaigh siad le striapachas san Éigipt, chuaigh le striapachas le linn a n‑óige. Rugadh barróg ar a gcíocha ansin agus rinneadh muirniú ar a mbrollaigh mhaighdeanúla.
4. Oholá ab ainm don sinsear agus Ohoilíbeá dá deirfiúr. Ba liomsa iad agus rug siad mic agus iníonacha. I dtaobh a n‑ainmneacha de ba í an tSamáir Oholá agus Iarúsailéim Ohoilíbeá.
5. “Mheirdrigh Oholá nuair ba liomsa í; shuirigh sí lena leannáin na hAsaírigh, a comharsana,
6. laochra in éide chorcra, rialtóirí agus uaisle, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha, oilte ar mharcaíocht chapall.
7. Rinne sí a striapachas leo - ba iad uile togha na nAsaíreach - agus thruailligh sí í féin le híola cách a ndearna sí suirí leo.
8. Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.
9. Uime sin, thug mé suas i lámha a leannán í, i lámha na nAsaíreach a ndearna sí suirí leo.