Eizicéil 22:5-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Beifear ag fonóid fút ó chian agus ó chóngar, a chathair mhíchlúiteach challánach.

6. Féach ar phrionsaí Iosrael ionat, gach aon duine acu ar a dhícheall ag doirteadh fola.

7. Maslaítear an t‑athair agus an mháthair ionat; tugtar drochíde don chuairteoir, cuirtear ansmacht ar an dílleachta agus ar an mbaintreach.

8. Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí.

9. Tá dream ionat a chlúmhilleann chun fuil a dhoirteadh; tá dream a itheann ar na sléibhte; dream eile atá graosta.

10. Taispeánann siad tarnochtacht a n‑aithreacha ionat; éigníonn siad na mná ionat le linn a neamhghlaine.

11. Déanann fear acu drúis ghránna le bean a chomharsan; truaillíonn fear eile bean a mhic; an tríú fear sáraíonn sé a dheirfiúr féin, iníon a athar.

12. Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.

13. “Buailim bosa, dá bhrí sin, mar gheall ar do ghnóthú neamhionraic agus an fhuil a doirteadh in bhur measc.

14. An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é.

Eizicéil 22