Eizicéil 20:25-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Uime sin, thug mé reachtanna gan tairbhe dóibh agus deasghnátha nach dtabharfadh beatha dóibh.

26. Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.

27. “Dá bhrí sin, a mhic an duine, labhair le muintir Iosrael. Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mhaslaigh bhur n‑aithreacha mé sa rud seo arís trí fheall a imirt orm.

28. Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.

29. Dúirt mé leo ansin: Cad is ainm don áit ard a dtéann sibh chuige? Bámá a thugann siad air go dtí an lá inniu dá bhrí sin.

30. Uime sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An dtruailleoidh sibhse sibh féin ar nós bhur n‑aithreacha, ag dul ar seachrán i ndiaidh a nithe gránna?

31. Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n‑uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní rachaidh sibh i gcomhairle liom.

32. “Ní thitfidh sé amach ar chor ar bith de réir an smaoineamh seo in bhur n‑aigne: ‘Bímis amhail na náisiúin, amhail ciníocha na dtíortha, ag adhradh adhmaid agus cloiche.’

Eizicéil 20