Eizicéil 20:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa seachtú bliain, ar an deichiú lá den chúigiú mí, tháinig dream de shinsir Iosrael chun dul i gcomhairle leis an Tiarna agus shuigh síos os mo chomhair.

2. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

3. “A mhic an duine, labhair le sinsir Iosrael agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: ‘An chun dul i gcomhairle liom a tháinig sibh?’ Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní ligfidh mé daoibh dul i gcomhairle liom.

4. An dtabharfaidh tusa breithiúnas orthu, a mhic an duine? An dtabharfaidh tú breithiúnas orthu? Inis imeachtaí gránna a n‑aithreacha dóibh,

5. agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a thogh mé Iosrael, mhionnaigh mé do shliocht mhuintir Iacóib, do mo chur féin in aithne dóibh i dtír na hÉigipte. Mhionnaigh mé dóibh: Is mise an Tiarna bhur nDia.

6. An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain.

7. Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia.

8. Ach d'éirigh siad amach i mo choinne agus níor éist siad liom; níor chaith siad uathu na huafáis ar bhain gach duine acu lán na súl astu; níor thréig siad íola na hÉigipte ach oiread.“Shocraigh mé ansin mo dhíbeirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu i lár thír na hÉigipte.

9. Ach d'oibrigh mé ar mhaithe le m'ainm féin ionas nach dtruailleofaí é os comhair na gciníocha ar chónaigh siad ina measc, óir gheall mé dóibh os comhair na gciníocha sin go dtreoróinn amach as tír na hÉigipte iad.

Eizicéil 20