Eizicéil 12:6-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tógfaidh tú an mála taistil ar do ghualainn os a gcomhair agus tabharfaidh tú amach é sa dorchadas. Clúdóidh tú d'aghaidh ionas nach bhfeicfidh tú an talamh; óir rinne mé comhartha díot do mhuintir Iosrael.’ ”

7. Rinne mé mar a ordaíodh dom. Thug mé mo mhála taistil amach de lá amhail mála taistil deoraí, agus um tráthnóna thochail mé tríd an mballa le mo lámha féin. Chuaigh mé amach sa dorchadas ag iompar mo mhála ar mo ghualainn os a gcomhair.

8. Tháinig briathar an Tiarna chugam ar maidin:

9. “A mhic an duine, nár fhiafraigh muintir Iosrael, an dream ceannairceach sin, díot cad a bhí ar siúl agat?

10. Abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Baineann an tairngreacht seo leis an uachtarán in Iarúsailéim agus le muintir uile Iosrael atá ansin.’

11. Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’

12. An t‑uachtarán ina measc tógfaidh sé a mhála taistil ar a ghualainn sa dorchadas agus imeoidh sé leis; tochlóidh sé tríd an mballa agus rachaidh sé amach. Clúdóidh sé a aghaidh ionas nach bhfeicfidh sé an talamh lena shúile.

Eizicéil 12