Eazrá 9:10-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar d'aitheanta?

11. Na haitheanta a d'aithin tú trí do shearbhóntaí na fáithe á rá: ‘An tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air, is tír é atá neamhghlan mar gur thruailligh na ciní dúchasacha é leis na gráiniúlachtaí lenar shalaigh siad é ó cheann ceann.

12. Uime sin ná tugaigí bhur iníonacha mar mhná chéile dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonachasan mar mhná do bhur mic féin; ná bíodh mairg oraibh faoina síocháin ná faoina gconách siúd, i dtreo go rachadh sibh féin i neart, go n‑íosfadh sibh togha torthaí na tíre agus go bhfagfadh sibh é mar oidhreacht ag bhur sliocht go brách.’

13. “Agus anois tar éis ar bhain dúinn de bharr ár ndrochghníomhartha agus ár mórchiontachta - cé go ndearna tusa, a Dhia, ár gcionta a mheas níos éadroime ná mar is cóiriúil iad agus gur fhág tú an fuíoll áir seo anseo againn -

14. an mbrisfimidne d'aitheanta arís agus cleamhnais a dhéanamh arís leis na ciníocha a chleachtann a leithéid de ghráiniúlacht? Nach gcuirfeadh sin an oiread sin feirge ort go ndéanfá sinn a scriosadh i slí nach bhfágfaí fuíoll áir ná fear inste scéil?

15. A Thiarna, a Dhia Iosrael, de bharr d'fhíréantachta, fágadh fuíoll áir againn a tháinig slán mar atá anseo inniu; seo sinn anois i do láthair faoi ualach ár bpeacaí, agus dá bharrsan ní féidir d'aon duine seasamh i do láthair.”

Eazrá 9