Eazrá 6:18-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ansin cheap siad na sagairt de réir a n‑ord, agus na Léivítigh de réir a ranganna, chun freastal a dhéanamh i dTeampall Dé in Iarúsailéim, mar atá scríofa i Leabhar Mhaois.

19. Cheiliúir na deoraithe a d'fhill an Cháisc ar an gceathrú lá déag den chéad mhí.

20. Bhí na sagairt agus na Léivítigh tar éis iad féin a íonghlanadh in éineacht; bhí siad uile glan agus mharaigh siad an t‑uan Cásca thar ceann na ndeoraithe go léir a d'fhill, thar ceann a mbráithre na sagairt agus thar a gceann féin.

21. D'ith an mhuintir seo leanas an Cháisc: na hIosraelaigh go léir a d'fhill óna ndeoraíocht, agus iad siúd go léir a scar le truaillitheacht a gcomharsana máguaird agus a ghabh leo ag adhradh an Tiarna, Dia Iosrael

22. Cheiliúir siad féile an tSlimaráin ar feadh seacht lá le háthas croí, mar thug an Tiarna ábhar lúcháire dóibh, mar gur bhog sé croí rí na hAsaíre le misneach a thabhairt dóibh i mbun a saothair ar Theampall an Tiarna, Dia Iosrael.

Eazrá 6