Eaxodus 30:3-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Déanfaidh tú í a chumhdach d'ór fíre - a barr, a cliatháin timpeall, agus a beanna, agus í a mhaisiú le múnláil óir mórthimpeall uirthi.

4. Déanfaidh tú dhá fháinne óir di, le cur faoin múnláil ar an dá thaobh ar aghaidh a chéile; leo seo a ghreamófar na cuaillí lena n‑iomprófar í.

5. Déanfaidh tú na cuaillí d'adhmad sitím agus iad a chumhdach le hór.

Eaxodus 30