Eaxodus 29:2-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. agus arán slim, builíní gan ghabháile agus iad fuinte le hola, agus abhlanna gan ghabháile agus ola leata orthu. De phlúr mín cruithneachta a dhéanfaidh tú iad.

3. Cuirfidh tú iad seo i gcliabh agus tabharfaidh tú leat sa chliabh iad, agus an tarbh agus an dá reithe chomh maith.

4. Béarfaidh tú Árón agus a mhac leat go doras Bhoth na Teagmhála agus nífidh tú iad le huisce.

5. Glacfaidh tú na héidí agus gléasfaidh tú Árón san ionar, agus i bhfallaing an éafód, agus sa lúireach; agus fillfidh tú uime crios fite an éafód.

6. Cuirfidh tú an cheannbheart ar a cheann, agus an choróin naofa ar an gceannbheart.

7. Glacfaidh tú chugat ola an ungtha agus doirtfidh tú ar a cheann í agus déanfaidh tú é a ungadh ar an gcuma sin.

8. Ansin tabharfaidh tú leat a mhaca agus cuirfidh tú ionair orthu

9. agus fillfidh tú criosanna umpu agus cuirfidh tú boinéid orthu, agus beidh an tsagartacht acu de bhíthin reachta shíoraí. Mar sin a oirneoidh tú Árón agus a mhaca.”

Eaxodus 29