Eaxodus 28:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Beidh dhá ghuailleán ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.

8. Agus an crios fite air a bheidh á choimeád, beidh sé den déantus céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín.

9. Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;

10. sé ainmneacha acu ar chloch díobh agus na sé ainmneacha eile ar an gcloch eile, de réir ord a mbreithe.

11. Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir.

Eaxodus 28