6. “Déanfaidh siad an t‑éafód d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas fite le barr slachta.
7. Beidh dhá ghuailleán ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.
8. Agus an crios fite air a bheidh á choimeád, beidh sé den déantus céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín.
9. Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;
10. sé ainmneacha acu ar chloch díobh agus na sé ainmneacha eile ar an gcloch eile, de réir ord a mbreithe.
11. Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir.