Eaxodus 14:11-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. agus dúradar le Maois: “B'ea ann nach raibh aon uaigheanna san Éigipt a rá is gur chaith tú sinn a sheoladh amach chun bás a fháil san fhásach? Cén mhaith dúinn thú dár mbreith amach as an Éigipt?

12. Nár phléamar é seo leat san Éigipt? ‘Lig dúinn,’ a dúramar, ‘seirbhís a dhéanamh do na hÉigiptigh; b'fhearr dúinn bheith ag déanamh seirbhíse do na hÉigiptigh ná bás a fháil san fhásach!’ ”

13. D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.

14. Troidfidh an Tiarna ar bhur son; ní gá daoibh ach fanacht socair.”

15. Dúirt an Tiarna le Maois: “Cén fáth go bhfuil tú ag glaoch orm? Abair le clann Iosrael dul ar aghaidh.

16. Ardaigh do shlat agus sín do lámh os cionn na farraige agus deighil ó chéile í i dtreo go siúlfaidh clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.

17. Agus cruafaidh mé croíthe na nÉigipteach i dtreo go rachaidh siad isteach ina ndiaidh. Gheobhaidh mé glóir de bharr Fhorainn agus a airm go léir agus a charbad agus a mharcshlua.

18. Beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna nuair a bheidh glóir buaite agam de bharr Fhorainn agus a charbad agus a mharcshlua.”

Eaxodus 14