23. Óir gabhfaidh an Tiarna thar bráid chun na hÉigiptigh a mharú; agus nuair a fheicfidh sé an fhuil ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, rachaidh an Tiarna thar bhur ndoras agus ní ligfidh sé don scriostóir dul isteach in bhur dtithe d'fhonn bhur mbásaithe.
24. Coimeádfaidh sibh an searmanas seo mar reacht daoibh féin agus do bhur gclann go brach.
25. Nuair a shroichfidh sibh an tír atá ag an Tiarna á thabhairt daoibh, mar a gheall sé, ní foláir daoibh an searmanas seo a chomhlíonadh.
26. Agus nuair a chuirfidh bhur gclann an cheist chugaibh: ‘Cad is ciall leis an searmanas seo agaibh?’
27. déarfaidh sibh: ‘Is é íobairt Chásca an Tiarna é mar ghabh sé thar thithe chlann Iosrael san Éigipt, nuair a mharaigh sé na hÉigiptigh ach gur chaomhnaigh sé ár dtithe.’ ” Agus chrom na daoine a gceann agus rinneadar ómós.
28. D'imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón is ea a rinneadar.
29. I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh.