Eagna 2:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Nuair a mhúchfar í, déanfar luaith dár gcorpagus scaipfear anáil na beathaar nós an aeir neamhsheasmhaigh.

4. Le himeacht aimsire ligfear ár n‑ainm i ndearmadagus ní chuimhneoidh aon duine ar ár ngníomhartha.Séidfear ár mbeatha chun siúil ar nos dhlaíóg dheiridh scamaill,agus scaipfear í mar cheobhrán atá á thóraíochtag gathanna na gréineagus á chloí ag a teas.

5. Go deimhin níl inár mbeatha ach scáth a ghluaiseann thart;agus ní féidir ár mbás a chur ar gcúl, mar tá séala curtha air;agus níl aon duine a fhilleann ar ais.

6. Téanam ort, mar sin, agus bainimis aoibhneasas na maitheasaí atá ann.Bainimis earraíocht as nithe cruthaithele díocas dúthrachtach na hóige.

7. Bíodh ár lándóthain againnd'fhíon costasach agus de chumhráin;ná fágaimis gan baint go fiú aon bhláth earraigh amháin.

8. Corónaímis sinn féin le cocáin róis súla bhfeofaidh siad;(ná bíodh aon mhóinéar annnach ngabhfaidh ar ndrabhlás tríd).

9. Ná bíodh aon duine againn annnach mbeidh páirteach inár ragairne;fágaimis comharthaí áineasa i ngach uile áit;óir is é sin ár gcuid agus ár gcinniúint.

10. Déanaimis leatrom ar an mbochtán fíréanta;agus ná bíodh trua againn do bhaintreacha;ná tugaimis ómós do sheanghruaig liath an duine aosta.

11. Socraíodh ár neartna cad is ceartóir is léir go bhfuil an lag gan éifeacht.

12. Déanaimis luíochán roimh an bhfíréanmar cuireann sé as dúinn,agus ní áil leis ár ngníomhartha;casann sé linn ár gcionta in aghaidh an dlíagus cuireann sé cúl le cine inár leith.

Eagna 2