Eagna 19:7-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Chonacthas an scamall ag caitheamh scáile ar an gcampaagus talamh tirim ag éirí aníos mar a raibh uisce roimhe sin;rinneadh bealach gan bhac den Mhuir Ruaagus machaire féarmhar den fharraige fhraochmhar

8. trínar ghabh an náisiún go léira bhí faoi dhídean do láimhe, in aon bhuíon amháin,tar éis dóibh éachtaí iontacha a fheiceáil.

9. Ansin bhí siad ag ceáfráil ar nós capall ar féarach,agus ag léim timpeall cosúil le huainagus iad do do mholadh, a Thiarna,mar is tusa a d'fhuascail iad.

10. Ba chuimhin leo go fóillan saol eachtrach a chaith siad le linn a ndeoraíochta:conas mar a thug an talamh corrmhíolta uaidhin ionad ainmhithe,agus mar a sceith an abhainn lear mór froganna in áit báirí eisc,

11. agus mar a chonaic siad cineál nua d'éanlaith ina dhiaidh sinnuair a d'iarr siad sócamais le haonchorp suthaireachta.

12. Óir, chun sásamh a thabhairt dóibh,tháinig na gearra goirt isteach chucu ón bhfarraige.

13. Imríodh díoltas ar na peacaigh,ach ní dhearnadh é gan rabhadh a thabhairt dóibhroimh ré trí dhéine na gcaor tine.Go deimhin, de dheasca a gcoireanna féin,is le ceart a bhí pianpháis á fulaingt acu;óir ba nimhní ná aon fhuath a bhí ann riamh roimhe sin,an ghráin dhearg a bhí acusan ar a n‑aíonna.

Eagna 19