Eagna 18:6-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tugadh fáistine dár sinsir i dtaobh na hoíche sin,ionas go nglacfaidís misneach nuaira bheadh a fhios acu go cinntecén sórt iad na mionnaí ar chuir siad a muinín astu.

7. Bhí do phobal ag súille slánú na bhfíréan agus le léirscrios na naimhde.

8. Óir, faoi mar a smachtaigh tú ar naimhde,sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinnagus a thug gradam dúinn dá bharr.

9. Óir bhí íobairt á hofráil faoi cheiltag clann chráifeach na bhfíréan,agus de thoil a chéile rinne siad an comhaontú diaga seo,go mbeadh siad rannpháirteach sna maitheasaí céannaagus sna contúirtí céanna chomh maith,agus iomainn mholta na sinsear á gcanadh acumar réamhcheol cheana féin.

10. Mar fhreagra air sin bhí a naimhde ag ligeangártha míbhinne astu,agus chualathas ar fud na dúichean caoineadh agus an t‑olagón a bhí siad a dhéanamh ar son a leanaí.

Eagna 18