Eabhraigh 4:2-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.

3. Ach sinne, a bhfuil an creideamh againn, táimidne ag dul isteach san áitreabh suaimhnis, faoi mar atá ráite aige: “Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.’ ” Dúirt sé é sin bíodh go raibh deireadh le hobair Dé nuair a cruthaíodh an domhan.

4. Óir déanann sé tagairt don seachtú lá in áit éigin mar a leanas: “Stad Dia dá chuid oibre go léir ar an seachtú lá,”

5. agus arís san abairt atá á plé againn deir sé: “Ní rachaidh siad isteach i m'áitreabh suaimhnis choíche.”

Eabhraigh 4