Deotranaimí 9:8-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Fiú ag Horaeb, ghriog tú an Tiarna agus bhí an Tiarna i bhfearg leat chomh mór sin go raibh sé ullamh sibh a mhilleadh.

9. Ghabh mé suas faoin sliabh chun na cláir chloiche, cláir an chonartha a bhí an Tiarna a dhéanamh libh, a fháil. D'fhan mé daichead lá agus daichead oíche ar an sliabh, gan greim bia a ithe nó bolgam uisce a ól.

10. Thug an Tiarna an dá chlár chloiche dom, agus inscríbhinn ó mhéar Dé orthu, agus na briathra go léir orthu a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó lár na tine lá an Tionóil.

11. Agus ag deireadh an daichead lá agus an daichead oíche, tar éis dó an dá chlár chloiche, cláir an chonartha, a thabhairt dom,

12. dúirt an Tiarna liom: ‘Fág an áit seo agus imigh leat síos go tapa, óir an pobal a thug tú amach as an Éigipt, tá feall déanta acu. Ba bheag an mhoill orthu claonadh ón tslí a d'aithin mé dóibh; tá íol de mhiotal leáite déanta acu dóibh féin.’

13. Ansin lean an Tiarna air agus dúirt liom: ‘Chonaic mé an pobal seo, agus cad é mar phobal ceanndána iad!

14. Lig dom iad a mhilleadh, agus a n‑ainm a scrios ó faoi neamh, agus náisiún is treise agus is mó ná iad a dhéanamh díot.’

Deotranaimí 9