14. ná tagadh uaill i do chroí. Ná déan dearmad ansin ar an Tiarna do Dhia a thug amach thú as tír na hÉigipte, as teach na daoirse;
15. a threoraigh thú tríd an bhfásach mór uafásach seo, dúiche nathracha tintí agus scairpeanna, agus tarta; a thug uisce as an gcarraig chrua san áit róthirim seo;
16. a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d'aithreacha, d'fhonn go n‑úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála.
17. Seachain agus ná habair i do chroí istigh: ‘Is é mo chumas féin agus neart mo láimhe a ghnóthaigh an saibhreas seo dom.’
18. Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do d'aithreacha, mar a dhéanann fós inniu.