19. Ná déan goid.
20. Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.
21. Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.’
22. “Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.
23. “Nuair a chuala sibh an glór seo ag teacht as an dorchadas, agus an sliabh go léir trí thine, tháinig sibh chugam, ceannairí bhur dtreibheanna agus bhur seanóirí,
24. agus dúirt sibh: ‘Féach, thaispeáin an Tiarna ár nDia a ghlóir dúinn agus a mhórgacht agus chualamar a ghlór ó chroí na tine. Chonaiceamar inniu gur féidir do Dhia, labhairt leis an duine, agus an duine a fhanacht beo.
25. Cén fáth go bhfaighimis bás anois? Óir loiscfidh an tine mhór seo sinn; má chloisimid glór an Tiarna ár nDia an dara huair ní baol ná go dtitfidh an t‑anam asainn.
26. Óir cén duine daonna den uile fheoil a chloisfeadh glor Dé bheo ag labhairt ó chroí na tine mar a rinneamar, agus a d'fhéadfadh fanacht beo?
27. Druidse leis, dá bhrí sin, agus éist lena bhfuil le rá ag an Tiarna ár nDia, agus inis dúinne gach a ndéarfaidh an Tiarna ár nDia leat; éistfimid leis agus déanfaimid dá réir.’
28. Chuala an Tiarna a ndúirt sibh liom, agus dúirt liom: ‘Chuala mé caint uile an phobail seo leat; is maith mar a dúradar gach a bhfuil ráite acu.
29. Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!
30. Imigh leat agus abair leo: Filligí ar bhur mbothanna.
31. Ach fansa anseo i do sheasamh taobh liom, agus inseoidh mé duit na haitheanta go léir agus na dlíthe agus na reachtanna go léir atá le teagasc agat dóibh, agus atá le comhlíonadh acu sa tír atá á thabhairt agam ina seilbh.’
32. “Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán.