Deotranaimí 32:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar,mar is fíréan iad a bhealaí go léir.Dia dílis é gan éagoir;eisean an Chóir féin agus an Ceart.

5. Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim;ál fealltach cam iad.

6. An mar sin a dhíolann sibh an comhar leis an Tiarna?Nach baoth éaganta an pobal sibh!Nach é d'athair é a chruthaigh thú,a dhealbhaigh thú agus a bhunaigh thú?

7. Cuimhnigh ar na laethanta a bhí,agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin.Cuir ceist ar d'athair agus tabharfaidh sé fios duitagus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.

8. Nuair a bhronn an Té is Airde a n‑oidhreacht ar na ciníocha,nuair a roinn sé clann Ádhaimh,leag sé síos a dteorainneacha de réir líon chlann [Dé].

9. Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna,agus Iacób an oidhreacht a thit air.

Deotranaimí 32