Deotranaimí 32:18-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. (Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú,agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.)

19. Chonaic an Tiarna é seo agus le barr feirgechaith sé uaidh a chlann mhac agus iníonacha.

20. “Déanfaidh mé mo ghnúis a fholach orthu,” ar sé,agus feicfidh mé cén chríoch a bheidh orthu.Óir is ál fealltach iad,clann gan dílseacht iontu.”

21. Spreagadar chun formaid mé le ní nach Dia;ghriogadar mé lena n‑íola.Cuirfidh mise iadsan in éad le dream nach pobal,Cuirfidh mé fearg orthu trí chine gan stuaim.

22. Las tine as mo fhearg,agus dófaidh sí go híochtar Sheól;alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir,loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.

23. Déanfaidh mé urchóidí a chruachadh orthu,agus is leo a chaithfidh mé mo shaigheada go léir.

24. Beidh sciobóil ghorta mar airm agam;galar agus eitinn mar nimh.Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe alltaagus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.

25. Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann,agus laistigh beidh an scéin i réim.Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean,an leanbh cíche ná an seanduine liath.

26. “Ba chóir dom iad a scaipeadh i gcéin,” a déarfainn“agus iad a scrios ó chuimhne daoine,”

27. mura mbeadh gurb eagal liom maíomh an namhad,le heagla go dtabharfadh a n‑eascairde breith bhréagach,le heagla go ndéarfaidís: “Tá an lá lenár neart!Níl aon bhaint ag an Tiarna leis seo go léir!”

Deotranaimí 32