Deotranaimí 31:19-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. “Scríobh an laoi seo más ea agus múin í do chlann Iosrael; cuir ina mbéal í ionas go mba fhinné dom í an laoi seo in aghaidh chlann Iosrael.

20. Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.

21. Nuair a thiocfaidh cith urchóidí agus tubaistí sa mhullach orthu, tabharfaidh an laoi seo fianaise ina n‑aghaidh, óir mairfidh sí beo i mbéal a sleachta. Óir inniu féin, sula dtugaim isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, is eol dom cad tá á thaibhreamh dóibh ina n‑aigne.”

22. An lá ceannann céanna sin scríobh Maois an laoi seo agus mhúin í do chlann Iosrael.

23. Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.”

24. Nuair a bhí deireadh déanta ag Maois ag scríobh briathra an dlí seo amach go críoch i leabhar,

25. thug sé an t‑ordú seo do na Léivítigh a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna:

26. “Tóg leabhar seo an dlí agus cuir taobh le háirc chonradh an Tiarna do Dhia é. Bíodh sé ansiúd mar fhinné i d'aghaidh,

Deotranaimí 31