Deotranaimí 28:24-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Déanfaidh an Tiarna luaithreach agus gaineamh d'fhearthainn do thalún; titfidh sí ó neamh ort go scriosfar thú.

25. “Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n‑aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain.

26. Beidh do chonablach ina bhia ag éanlaith an aeir go léir agus ag ainmhithe na talún, gan aon duine ann chun iad a ruaigeadh.

27. Buailfidh an Tiarna thú le neascóidí na hÉigipte, le hothras, le méirscrí agus le tochas, gan leigheas agat dóibh.

28. Buailfidh an Tiarna thú le poc buile agus le daille agus le meabhrán aigne;

29. agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.

30. Pós bean agus luífidh duine eile léi; tóg teach agus ní dhéanfaidh tú cónaí ann; plandaigh fíonghort agus ní chruinneoidh tú a thorthaí.

31. Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar d'asal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort.

Deotranaimí 28