Deotranaimí 27:7-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia.

8. Scríobh briathra uile an dlí seo ar na clocha go soiléir sofheicthe.”

9. Ansin dúirt Maois agus na sagairt Léivíteacha le hIosrael go léir: “Tabhair cluas, a Iosrael, agus éist. Inniu rinneadh pobal don Tiarna do Dhia díot.

Deotranaimí 27