Deotranaimí 25:3-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Is ceadmhach daichead buille a bhualadh air, ach gan dul thairis sin, le heagla go mbeadh an léasadh ródhian agus go mbeadh drochmheas agat ar do bhráthair dá bharr.

4. “Na cuir pusachán ar an damh agus é ag satailt an arbhair.

5. “Má bhíonn deartháireacha in aontíos agus go bhfaigheann duine acu bás gan mhac, ná pósadh bean an mhairbh duine deoranta lasmuigh den teaghlach; tagadh deartháir a céile chuici agus glacadh sé í mar bhean chéile agus déanadh sé dualgas deartháir céile ina leith.

6. An chéad mhac a bhéarfaidh sí bíodh ainm an dearthár mhairbh air, d'fhonn nach scriosfaí a ainm as Iosrael.

7. Má dhiúltaíonn an fear bean a dhearthár a ghabháil chuige, téadh sise chun na seanóirí ag an ngeata agus abradh: ‘Dhiúltaigh deartháir mo chéile ainm a dhearthár a bhuanú in Iosrael. Ní áil leis dualgas deartháir céile a chomhlíonadh dom.’

8. Ansin glaodh seanóirí a chathrach air, agus labhraidís leis; agus má chuireann sé ina gcoinne agus a rá: ‘Ní áil liom glacadh léi,’

9. ansin téadh bean a dhearthár chuige i láthair na seanóirí agus baineadh sí an cuarán dá chois, agus caitheadh sí seile san aghaidh air, agus abradh sí: ‘Sin í an íde a thugaimid ar an té nach gcothaíonn teach a dhearthár,’

Deotranaimí 25