Deotranaimí 20:3-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. agus abradh sé leo: ‘Tugaigí cluas dom a Iosrael! Óir tá sibh ar tí cath a chur ar bhur naimhde inniu; bíodh misneach agaibh; ná bíodh scéin ná sceimhle ná scanradh oraibh ag tabhairt fúthu.

4. Óir tá an Tiarna bhur nDia ag dul libh chun troda ar bhur son in aghaidh bhur naimhde, agus chun an bua a bhreith daoibh.’

5. “Ansin labhraíodh na scríobhaithe leis an bpobal mar leanas: ‘An bhfuil aon duine anseo a bhfuil teach nua tógtha aige ach gan é tíolactha fós? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a dhéanfadh é a thíolacadh.

6. An bhfuil aon duine anseo a bhfuil fíonghort plandáilte aige, ach gan sásamh bainte fós aige as a thoradh? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhainfeadh sásamh as a thoradh.

7. An bhfuil aon duine anseo geallta le bean ach gan í tugtha leis aige? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhéarfadh leis í.’

8. Leanadh na scríobhaithe orthu ag caint leis an bpobal agus abraidís: ‘An bhfuil easpa misnigh nó beaguchtach ar aon duine anseo? Abhaile leis agus ná cuireadh sé droch-mhisneach ar a chompánaigh chomh maith.’

9. Nuair a bhíonn deireadh ráite ag na scríobhaithe leis na daoine, ansin ceaptar ceannfoirt i gceannas ar an bpobal.

10. “Nuair a dhruidfidh tú i gcóngar cathrach chun í a ionsaí, déan coinníollacha a thairiscint di.

11. Má ghlacann sí le síocháin agus a geataí a oscailt romhat, ansin cuirtear iallach ar an muintir go léir inti saothar a dhéanamh duit agus fónamh duit.

12. Ach más amhlaidh, in áit síochána, go ndéanann sí cath a chur ort, ní foláir duit í a chur faoi léigear.

13. Nuair a thugann an Tiarna do Dhia ar do láimh duit í, ansin cuir gach fireannach inti chun báis le faobhar claímh.

14. Ach na mná, na leanaí, an stoc, a bhfuil de mhaoin sa chathair, agus a héadáil go léir, beir leat mar chreach iad; bain sásamh as éadáil do naimhde a thug an Tiarna do Dhia duit.

15. Sin í an íde a thabharfaidh tú ar na cathracha atá i bhfad uait, agus nach mbaineann leis na ciníocha is comharsana duit.

16. Maidir le cathracha na gciníocha úd atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, ná déan anacal anama ar aon ní beo,

17. ach cuir faoi bhang iad na Hitigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh, mar a d'ordaigh an Tiarna do Dhia,

18. d'fhonn nach múinfidís daoibh na nósanna gráiniúla atá acu á gcleachtadh i seirbhís a ndéithe a leanúint agus peaca a dhéanamh mar sin in aghaidh an Tiarna bhur nDia.

Deotranaimí 20