Deotranaimí 13:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.

6. “Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),

7. de na déithe leis na ciníocha máguaird ort ó chéin nó ó chóngar, ó cheann ceann na cruinne,

8. ná géill dó, ná tabhair aird air, agus ná bíodh trua ná taise agat dó; ná déan anacal air agus ná cuir i bhfolach é,

9. ach cuirfidh tú chun báis é; do lámhsa is túisce atá le hardú ina aghaidh á chur chun báis, agus ina dhiaidh sin, lámh an phobail go léir.

10. Gabhfaidh tú de chlocha ann go dtí go n‑imeoidh an dé as, mar gurbh áil leis thú a mhealladh ón Tiarna do Dhia, a thug thú amach as tír na hÉigipte, as teach na daoirse.

11. Cluinfidh Iosrael go léir trácht air, agus beidh eagla orthu, agus go brách arís ní dhéanfaidh siad a leithéid de choirpeacht in bhur measc.

12. “Má chluineann tú go bhfuil, i gceann de na cathracha a thug an Tiarna do Dhia duit le cónaí iontu,

Deotranaimí 13