8. Dúirt an rí á bhfreagairt: “Is eol dom go bhfuil sibh ag feitheamh na faille mar go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil mo bheartas do-athraithe fógartha,
9. mura n‑insíonn sibh an taibhreamh domsa, nach bhfuil ach an t‑aon daorbhreith amháin i ndán daoibh. Tá sé beartaithe agaibh focail éithigh agus ráite oilc a labhairt i mo láthair go sleamhnaí an t‑am thart. Insígí mo thaibhreamh dom dá bhrí sin agus beidh a fhios agam an féidir libh a chiall a léiriú dom.”
10. D'fhreagair na Caildéigh an rí: “Níl aon duine ar talamh a d'fhéadfadh gnó seo an rí a fháil amach: agus, dá chomhartha sin, níl rí ná rialtóir ná taoiseach a d'iarr a leithéid ar dhraoi ná ar asarlaí ná ar Chaildéach.
11. Is crua an ní é seo a lorgann an rí agus ní fhéadfadh aon duine é a léiriú don rí ach na déithe nach bhfuil a gcónaí i measc daoine.”
12. Dá bharr seo tháinig racht feirge ar an rí agus d'ordaigh sé saoithe uile na Bablóine a scriosadh.
13. Fógraíodh aithne seo an rí na saoithe uile a chur chun báis, agus chuathas ar thóir Dhainéil agus a chompánach chun a mbásaithe.