Dainéil (Gr) 13:53-57 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

53. nuair a thug tú breitheanna éagóracha ag daoradh na neamhchiontach agus ag scaoileadh na gciontach saor, cé go ndúirt an Tiarna: ‘Ná cuir chun báis an neamhchiontach ná an fíréan.’

54. Má chonaic tú í dáiríre, más ea, inis dom: Cén sort crainn a raibh siad faoi nuair a chonaic tú iad i mbarróg ina chéile?” D'fhreagair sé: “Faoi chrann maisteoige.”

55. “Le fírinne,” arsa Dainéil, “tá d'éitheach tugtha agat le titim sa mhullach ort féin; tá breithiúnas Dé faighte uaidh cheana féin ag a aingeal agus scoiltfidh sé trí do lár thú.”

56. Chuir sé é siúd i leataobh agus d'ordaigh sé an seanóir eile a thabhairt ina láthair. “A phór Chanán, agus ní Iúdá, mheall an scéimh thú agus thruailligh an ainmhian an croí agat.

57. Is mar sin a dhéanadh sibh le hógmhná Iosrael agus d'aontaigh siad libh le corp eagla; ach, féach, nár fhéad ógbhean Iúdá cur suas le bhur mí-iompar!

Dainéil (Gr) 13