Dainéil (Gr) 12:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “San aimsir sin éireoidh Mícheál, an prionsa mór, atá i bhfeighil do mhuintire. Beidh sí ina haimsir bhuartha nach raibh a leithéid ann ó bhí cine ann i dtosach go dtí sin. Ach san aimsir sin saorfar do mhuintir, gach n‑aon a bhfaighfear a ainm scríofa sa leabhar.

2. Dúiseoidh mórán dá gcodlaíonn i smúit na talún, cuid díobh chun na beatha síoraí, cuid eile chun táire agus tarcaisne síoraí.

3. Dealróidh na saoithe mar loinnir na spéire, agus iad siúd a theagasc an fhíréantacht do mhórán mar reanna neimhe ar feadh na síoraíochta.”

Dainéil (Gr) 12