Dainéil (Gr) 11:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. [mo thaca chun cúnamh agus cabhrú liom],

2. ach anois nochtfaidh mé an fhírinne duit:“Féach! Éireoidh trí rí eile sa Pheirs, agus is saibhre go mór a bheidh an ceathrú duine díobh ná iad uile, agus nuair a thiocfaidh neart ann de bharr a shaibhris, corróidh sé cách in aghaidh ríocht na Gréige.

3. Éireoidh rí tréanmhar agus rialóidh ar ríocht mhór agus déanfaidh an ní is toil leis.

4. Nuair a bheidh sé éirithe, brisfear a fhlaitheas agus scaipfear é i dtreo ceithre ghaoth na spéire, ach ní ar mhaithe lena shliocht féin é; ní rialófar é mar a rialaigh seisean é, mar sracfar a fhlaitheas chun siúil agus tabharfar é do dhaoine eile seachas iad siúd.”

Dainéil (Gr) 11