Colosaigh 1:26-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa.

27. Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.

28. Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.

29. Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.

Colosaigh 1