Cóheilit 9:6-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tá deireadh lena ngrá agus lena bhfuath agus lena gcuid iomaíochta le fada an lá - ní bheidh baint ná páirt acu choíche arís lena ndéantar abhus faoi luí na gréine.

7. Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.

8. Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.

9. Bíodh saol breá agat i gcuideachta na mná céile, a bhfuil grá agat di, ar feadh laethanta uile na beatha díomhaoine a thugann Dia duit abhus faoi luí na gréine, dá bhaoithe féin iad. Óir is é sin an luach saothair atá i ndán duit as ucht a ndéanann tú abhus faoi luí na greine.

10. Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

11. Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.

12. Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.

13. Seo sampla eile fós den eagna a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus is díol suntais é, dar liom.

Cóheilit 9