Cóheilit 7:16-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin?

17. Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí?

18. Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.

19. De bharr a chuid eagna is láidre an t‑eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach.

20. Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor.

21. Rud eile de, ná tabhair aird ar gach focal a labhraítear ar eagla go gcloisfeá do shearbhónta do do cháineadh.

22. Óir is maith atá a fhios agat gur cháin tú féin daoine eile go minic.

23. Rinne mé na nithe seo uile a thástáil le barr eagna, á rá: “Is rún dom an eagna a fháil” ach bhí sé thar m'acmhainn.

24. Gach ní dar tháinig ann is fada uainn é agus is é atá go domhain diamhair; cé hé ar féidir dó é a thuiscint?

25. Leag mé m'intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d'aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí.

Cóheilit 7