Cóheilit 3:12-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Is eol dom nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh agus saol sona sásta a chaitheamh fad is beo dó.

13. Go deimhin, má éiríonn le duine ithe agus ól a dhéanamh agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é.

14. Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe.

15. An ní atá ann anois, bhí sé ann roimhe seo; agus an ní a bheidh ann, bhí sé ann cheana agus bíonn Dia ag síorathnuachan na nithe a bhí ann tráth dá raibh.

16. Rud eile dhe, chonaic mé go raibh an éagóir in áit na córa agus an t‑aincheart in áit an chirt abhus faoi luí na gréine.

Cóheilit 3