18. Dá thairbhe sin uile, ba ghráin liom an saol seo mar chuir an saothrú uile a dhéantar faoi luí na gréine déistean orm; óir níl sa mhéid sin go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.
19. Ba ghráin liom go deimhin an saothrú go léir a rinne mé faoi luí na gréine toisc go gcaithfinn a thoradh a fhágáil ag an duine a thiocfadh i mo dhiaidh.
20. Agus cé aige a bhfuil a fhios an mbeidh seisean ina shaoi nó ina dhaoi? Ach mar sin féin is faoina chúram sin a bheidh toradh an tsaothraithe go léir a rinne mise chomh cliste sin abhus faoi luí na greine. Baois is ea é seo leis.
21. Ar an ábhar sin tháinig racht éadóchais orm faoin saothrú go léir a bhí déanta agam abhus faoi luí na gréine.
22. Óir aon duine ar bith a oibríonn go saothrach le heagna agus le heolas agus le gaois, bíonn air toradh a shaothair a fhágáil mar oidhreacht ag duine eile nach bhfuil faic dá dhua faighte aige. Baois agus olc mór is ea é seo.
23. Mar cén tairbhe a bhaineann duine as a chuid saothair uile agus as an dianmhachnamh a chaitheann sé leis abhus faoi luí na gréine?
24. Óir, bíonn a laethanta uile lán dóláis agus a chuid saothair lán dobróin; fiú amháin san oíche ní fhaigheann sé suaimhneas croí. Baois is ea é seo chomh maith.
25. Níl aon ní ann is fearr do dhuine ná ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as a shaothar. Go deimhin, chonaic mé gur ó láimh Dé a thagann sé seo freisin.
26. Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó?