Cóheilit 12:12-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Lena chois sin, a mhic, seachain thú féin! Níl aon teorainn leis na leabhair a scríobhtar agus tuirsíonn mórán staidéir an cholainn.

13. Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.

14. Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.

Cóheilit 12