Breithiúna 8:33-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Tar éis bháis do Ghideón chrom clann Iosrael ar striapachas a dhéanamh i ndiaidh na mBál, agus ghlacadar le Bál Beirít mar dhia.

34. Níor chuimhin le hIosrael a thuilleadh an Tiarna a nDia a d'fhuascail iad óna naimhde go léir ina dtimpeall.

35. Ba bheag é a mbuíochas do theaghlach Iarubál (.i. Gideón) ar son a ndearnadar de mhaith d'Iosrael.

Breithiúna 8