9. Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Ach bhris sé na sreanga bogha mar a bhrisfeadh snáithe barraigh nuair a bhaineann an tine leis. D'fhan foinse a nirt ina rún dá réir sin.
10. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom. Inis dom, le do thoil, cad ba ghá le thú a chuibhriú.”
11. D'fhreagair sé í: “Dá gceanglófaí mé le téada nua nár úsáideadh riamh, ansin chaillfinn mo neart, agus bheinn mar aon fhear eile.”
12. Ansin fuair Dilíleá téada nua agus rinne sí é a chuibhriú leo, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, ach bhris sé na téada a bhí ar a ghéaga mar a dhéanfadh snáth.